Monday, June 29, 2009

Chuaigh mé suas an bóithrín agus tháinig mé anuas an bóithrín agus thug mé an bóithrín liom ar mo dhroim.

Friday, June 26, 2009

Ní fuil, ní feoil agus ní cnámh é
Ach is as fuil agus feoil a tháinig sé.
Ní fuil é agus ní feoil é,
Agus as fuil agus feoil a d'fhás sé.

Wednesday, June 24, 2009

Bó bhreac ag léimneacht ar leac,
Ní fliuchtar í agus ní báitear í.
Chuaigh sé amach ar mhaidí rámha
Agus tháinig sé isteach gan loing ná bád.

Tuesday, June 23, 2009

Corcán airgid is é lán den fheoil bheo.
Siúd ar an gclúid é
Agus dhá chéad súil ann

Friday, June 19, 2009

Thógfainn i mo ghlaic é is ní chuirfeadh arm an rí gad air

Thursday, June 18, 2009

Siúd thall ort é, ní trom leat é
Ní ball de bhaill do choirp é
's tá sé ort ina dhiaidh sin.
M'athair mór ar chúl an chófra agus dhá chéad cóta air.

Tuesday, June 9, 2009

Teachtaire beag ó theach go teach,
a chodlaíos amuigh san oíche.

Sunday, June 7, 2009

Gearráinín bobáilte donn 
A shiúlfadh an domhan
's nach bhfliuchfadh a chos?

Saturday, June 6, 2009

Cnap saille faoi bhun coille agus gan aon easna ann?

Friday, June 5, 2009

Chomh hard le balla, chomh bán le bainne,
Chomh dearg le fuil, chomh milis le mil.
Sín amach do láimh ar d'aghaidh
's chífir an rud nach raibh, nach bhfuil 's nach mbeidh.