Friday, February 5, 2010

Chuaigh sí soir agus chuaigh sí siar
Chuaigh sí i ngáirdíní Bhleá Cliath
Bhainfeadh sí plaic chomh mór le fia
's ní bhlaisfeadh sí aon bhia.

Wednesday, January 13, 2010

Is long ar loch í
Is barraile ar phort í
Is dhá chéad óir í
's is ceist mhór ortsa í.

Tuesday, January 5, 2010

Tobairín fíoruisce ar fhíorbharr an tsléibhe,Doirisín gloine air agus fuinneoigín cré air.

Friday, December 4, 2009

Siúd isteach é, siúd amach é,
Siúd ar an mbac é agus cois as.

Thursday, December 3, 2009

Ní atá ann ó thús an tsaoil, 's nach bhfuil mí ina aois.

Wednesday, September 16, 2009

Níl sé istigh, níl sé amuigh,
Ach tá sé faoi dhíon an tí.

Sunday, August 16, 2009

Chuaigh bia triúr go bruach Loch na nÉan,
D'ith an bia an triúr, tháinig sé féin.
Cuireann an duine uasal ina phóca é,
Agus caitheann an duine bocht uaidh é.

Wednesday, July 1, 2009

Céard a ghearrtar ar an mbord agus nach n-itear?

Monday, June 29, 2009

Chuaigh mé suas an bóithrín agus tháinig mé anuas an bóithrín agus thug mé an bóithrín liom ar mo dhroim.

Friday, June 26, 2009

Ní fuil, ní feoil agus ní cnámh é
Ach is as fuil agus feoil a tháinig sé.
Ní fuil é agus ní feoil é,
Agus as fuil agus feoil a d'fhás sé.

Wednesday, June 24, 2009

Bó bhreac ag léimneacht ar leac,
Ní fliuchtar í agus ní báitear í.
Chuaigh sé amach ar mhaidí rámha
Agus tháinig sé isteach gan loing ná bád.

Tuesday, June 23, 2009

Corcán airgid is é lán den fheoil bheo.
Siúd ar an gclúid é
Agus dhá chéad súil ann

Friday, June 19, 2009

Thógfainn i mo ghlaic é is ní chuirfeadh arm an rí gad air